| [EN] |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Uimhir 36 de 2009
|
|
|
|
|
|
ACHT NA gCÚIRTEANNA AGUS NA nOIFIGEACH CÚIRTE 2009 [An tiontú oifigiúil]
|
|
|
|
|
|
|
| | RIAR NA nALT |
| | CUID 1 |
| | Réamhráiteach agus Ginearálta |
| | Alt |
| | 1. Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
| | 2. Míniú. |
| | 3. Rialacháin. |
| | 4. Caiteachais. |
| | CUID 2 |
| | Coimeád Sealadach |
| | 5. Mínithe (Cuid 2). |
| | 6. Daoine a choinnítear chun críocha alt 7. |
| | 7. Críocha le coimeád sealadach. |
| | 8. Tosach agus deireadh coimeádta shealadaigh. |
| | 9. Na hiarmhairtí a ghabhann le duine a chur faoi choimeád sealadach. |
| | 10. Cógais, etc., a thabhairt ar láimh i gcás duine a bheith faoi choimeád sealadach. |
| | 11. Feidhmeanna oifigigh limistéir coinneála. |
| | 12. Rialacháin a bhaineann le coimeád sealadach. |
| | CUID 3 |
| | Oifig Chúirte Chomhcheangailte |
| | 13. Mínithe (Cuid 3). |
| | 14. Oifigí cúirte comhcheangailte a bhunú. |
| | 15. Feidhmeanna oifige cúirte comhcheangailte a athrú nó oifig chúirte chomhcheangailte a dhíscaoileadh. |
| | 16. Comhchomhairliúcháin. |
| | 17. Cúirt Choiriúil Speisialta |
| | 18. Oifig chúirte chomhcheangailte: cumhachtaí agus feidhmeanna a mheastar a bheith aici. |
| | 19. Bainisteoir oifige cúirte comhcheangailte. |
| | 20. Bainistiú agus rialú oifige cúirte comhcheangailte. |
| | 21. Foireann oifige cúirte comhcheangailte. |
| | 22. Feidhmeanna na foirne. |
| | 23. Ní dhéanfar difear do leanúnachas riaradh an cheartais. |
| | 24. Leasú ar an Acht um Sheirbhís Chúirteanna 1998. |
| | CUID 4 |
| | Forálacha Ilghnéitheacha |
| | 25. Leasú ar alt 22 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967. |
| | 26. Leasú ar alt 24 den Petty Sessions (Ireland) Act 1851. |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Na hAchtanna dá dTagraítear
|
|
|
An tAcht Oifigigh Cúirte 19261926, Uimh. 27 | An tAcht um Sheirbhís Chúirteanna 19981998, Uimh. 8 | An tAcht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) 19941994, Uimh. 2 | An tAcht um Cheartas Coiriúil 20072007, Uimh. 29 | An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil 19671967, Uimh. 12 | An tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit 19391939, Uimh. 13 | Petty Sessions (Ireland) Act 185114 & 15 Vic., c.93 | Acht na bPríosún 20072007, Uimh. 10 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Uimhir 36 de 2009
|
|
|
|
|
|
ACHT NA gCÚIRTEANNA AGUS NA nOIFIGEACH CÚIRTE 2009 [An tiontú oifigiúil]
|
|
|
|
|
|
|
| | Uimhir 36 de 2009 |
| | ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE DAOINE ÁIRITHE ATÁ Á gCOINNEÁIL A CHUR FAOI CHOIMEÁD SEALADACH D’FHONN A URASÚ GO LÁITHREOIDH NA DAOINE SIN OS COMHAIR CÚIRTE; DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE hOIFIGÍ CÚIRTE COMHCHEANGAILTE A BHUNÚ; DO LEASÚ AN ACHTA UM SHEIRBHÍS CHÚIRTEANNA 1998, AN ACHTA UM NÓS IMEACHTA COIRIÚIL 1967 AGUS AN PETTY SESSIONS (IRELAND) ACT 1851, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. |
| | [24 Samhain, 2009] |
| | ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: |
|
|
|
|
| | CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta |
| | [EN] Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
| | 1.— (1) Féadfar Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 2009 a ghairm den Acht seo. |
| | (2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche áirithe nó forálacha áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla. |
| | [EN] Míniú. |
| | 2.— San Acht seo ciallaíonn “Aire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí. |
| | [EN] Rialacháin. |
| | 3.— (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena bhforordófar aon ní nó rud dá dtagraítear, san Acht seo, mar ní nó rud atá forordaithe nó atá le forordú. |
| | (2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin faoin Acht seo is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán. |
| | (3) Déanfar gach rialachán faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. |
| | [EN] Caiteachais. |
| | 4.— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
| | CUID 2 Coimeád Sealadach |
| | [EN] Mínithe (Cuid 2). |
| | 5.— Sa Chuid seo— |
| | ciallaíonn “Acht 2007” Acht na bPríosún 2007; |
| | tá le “rialtóir” an bhrí chéanna atá leis in Acht 2007; |
| | ciallaíonn “oifigeach limistéir coinneála”— |
| | (a) rialtóir, nó comhalta den Gharda Síochána, a gcuirtear duine faoina choimeád sealadach nó faoina coimeád sealadach faoi alt 6, |
| | (b) duine a dhéanfaidh dualgais oifigigh limistéir coinneála a ghlacadh de láimh faoi alt 11(6), |
| | (c) comhalta i gceannas a dhéanfaidh cumhachtaí agus feidhmeanna oifigigh limistéir coinneála a ghlacadh de láimh faoi mhír (c) d’alt 11(7), nó |
| | (d) comhalta den Gharda Síochána a ndéantar na cumhachtaí agus na feidhmeanna dá dtagraítear i mír (c) a aistriú chuige nó chuici faoi mhír (b) d’alt 11(7); |
| | ciallaíonn “comhalta i gceannas” comhalta den Gharda Síochána atá i gceannas stáisiúin Garda Síochána dá dtagraítear in alt 11(7); |
| | ciallaíonn “Rialacha na bPríosún” Rialacha na bPríosún 2007 (I.R. Uimh. 252 de 2007); |
| | tá le “príosúnach” an bhrí chéanna atá leis in Acht 2007; |
| | tá le “oifigeach príosúin” an bhrí chéanna atá leis in alt 19(6) (arna chur isteach le halt 41(4) d’Acht 2007) den Acht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) 1994; |
| | forléireofar “coimeád sealadach” de réir fho-ailt (1) agus (2) d’alt 6. |
| | [EN] Daoine a choinnítear chun críocha alt 7. |
| | 6.— (1) Féadfar príosúnach a chur faoi choimeád sealadach comhalta den Gharda Síochána i gcás gur chun críche dá dtagraítear in alt 7 a chuirtear an príosúnach faoi choimeád. |
| | (2) Féadfar duine a bheidh faoi choimeád an Gharda Síochána go dleathach a chur faoi choimeád sealadach rialtóra i gcás gur chun críche dá dtagraítear in alt 7 a chuirtear an duine faoi choimeád. |
| | (3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) agus (2), aon duine a chuirfear faoi choimeád sealadach faoi cheachtar de na fo-ailt sin, féadfar é nó í a chur in áit i bhfoirgneamh cúirte nó tadhlach leis ina mbeidh an láithriú nó an éisteacht áirithe dá dtagraítear in alt 7 le déanamh nó le seoladh. |
| | (4) Aon phríosúnach nó aon duine a bheidh faoi choimeád an Gharda Síochána go dleathach agus nach mbeidh curtha faoi choimeád sealadach faoi fho-alt (1) nó (2), féadfar é nó í a chur in áit dá dtagraítear i bhfo-alt (3) chun críche dá dtagraítear in alt 7. |
| | [EN] Críocha coimeádta shealadaigh. |
| | 7.— Féadfar príosúnach nó duine eile a chur faoi choimeád sealadach faoi alt 6 chun ceachtar de na nithe seo a urasú— |
| | (a) láithriú i gcúirt ag an duine sin, nó |
| | (b) é nó í a bheith rannpháirteach, mar fhinné nó i gcáil eile, in éisteacht chúirte a bhfuil baint aici leis nó léi. |
| | [EN] Tosach agus deireadh coimeádta shealadaigh. |
| | 8.— (1) Gan dochar d’aon achtachán eile, maidir le coimeád sealadach príosúnaigh faoi alt 6(1)— |
| | (a) tosóidh sé ón nóiméad a chuirfear an príosúnach faoi choimeád an oifigigh limistéir coinneála, agus |
| | (b) beidh deireadh leis— |
| | (i) ó cibé tráth a thabharfar an príosúnach ar ais don duine ar faoina choimeád nó faoina coimeád a bhí sé nó sí sular thosaigh an coimeád sealadach, nó |
| | (ii) ó cibé tráth a scaoilfear saor an príosúnach le hordú ón gcúirt, |
| | de réir mar a bheidh. |
| | (2) Gan dochar d’aon achtachán eile, maidir le coimeád sealadach duine faoi alt 6(2)— |
| | (a) tosóidh sé ón nóiméad a chuirfear an príosúnach faoi choimeád an oifigigh limistéir coinneála, agus |
| | (b) beidh deireadh leis— |
| | (i) ó cibé tráth a thabharfar an príosúnach ar ais don duine ar faoina choimeád nó faoina coimeád a bhí sé nó sí sular thosaigh an coimeád sealadach nó do chomhalta eile den Gharda Síochána, nó |
| | (ii) ó cibé tráth a scaoilfear saor an príosúnach le hordú ón gcúirt, |
| | de réir mar a bheidh. |
| | [EN] Na hiarmhairtí a ghabhann le duine a chur faoi choimeád sealadach. |
| | 9.— (1) Aon phríosúnach a chuirfear faoi choimeád sealadach faoi alt 6(1), measfar, fad a bheidh sé nó sí curtha faoin gcoimeád sealadach, go leanann sé nó sí de bheith faoi choimeád an rialtóra ar faoina choimeád nó faoina coimeád a bhí sé nó sí sular cuireadh faoin gcoimeád sealadach é nó í. |
| | (2) Aon duine a chuirfear faoi choimeád sealadach faoi alt 6(2), measfar, fad a bheidh sé nó sí curtha faoin gcoimeád sealadach, go leanann sé nó sí de bheith faoi choimeád an Gharda Síochána. |
| | [EN] Cógais, etc., a thabhairt ar láimh nuair atá duine faoi choimeád sealadach. |
| | 10.— (1) Ar dhuine a chur faoi choimeád sealadach faoi alt 6, déanfaidh an rialtóir nó an comhalta den Gharda Síochána a raibh an duine sin faoina choimeád nó faoina coimeád, na nithe seo a leanas a thabhairt de láimh don oifigeach limistéir coinneála lena mbaineann— |
| | (a) aon chógas nó aon oideas i gcomhair cógais a bheidh ina sheilbh nó ina seilbh i leith an duine, |
| | (b) aon fhaisnéis a bhaineann le sláinte an duine agus ar faisnéis í atá ar eolas ag an rialtóir nó ag an gcomhalta, agus |
| | (c) aon airceadail, doiciméid nó faisnéis bhreise a fhorordóidh an tAire. |
| | (2) I gcás go ndéanfaidh oifigeach limistéir coinneála duine a bhí curtha faoi choimeád sealadach faoi alt 6 a thabhairt ar ais do dhuine a luaitear i bhfo-alt (1)(b)(i) nó i bhfo-alt (2)(b)(i) d’alt 8, déanfaidh an t-oifigeach limistéir coinneála na nithe seo a leanas a thabhairt de láimh don duine sin— |
| | (a) aon chógas nó aon oideas i gcomhair cógais a bheidh ina sheilbh nó ina seilbh i leith an duine a bhí faoi choimeád sealadach, |
| | (b) aon fhaisnéis a bhaineann le sláinte an duine agus ar faisnéis í atá ar eolas ag an oifigeach, agus |
| | (c) aon airceadail, doiciméid nó faisnéis bhreise a fhorordóidh an tAire. |
| | [EN] Feidhmeanna oifigigh limistéir coinneála. |
| | 11.— (1) D’ainneoin alt 9, déanfaidh oifigeach limistéir coinneála, maidir le duine a bheidh curtha faoina choimeád sealadach nó faoina coimeád sealadach faoi alt 6— |
| | (a) é nó í a chosc ar éalú as coimeád dleathach, |
| | (b) é nó í a chosc ar chion a dhéanamh, |
| | (c) a chinntiú go n-iompróidh sé nó sí é féin nó í féin ar shlí ordúil dhea-rialaithe, |
| | (d) é nó í a thabhairt go dtí cúirt nó oifig chúirte, mar a cheanglófar, |
| | (e) a chinntiú go láithreoidh sé nó sí os comhair cúirte, agus |
| | (f) aon ordú ó chúirt a bhaineann lena choimeád nó lena coimeád, leis an gcóir a chuirfear air nó uirthi nó lena aistriú nó lena haistriú a chomhlíonadh. |
| | (2) Féadfaidh oifigeach limistéir coinneála, de réir Rialacha na bPríosún, cuardach coirp a dhéanamh ar aon duine a bheidh curtha faoina choimeád sealadach nó faoina coimeád sealadach faoi alt 6 más é a thuairim nó a tuairim gur gá déanamh amhlaidh chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh faoin gCuid seo. |
| | (3) Féadfaidh oifigeach limistéir coinneála, más gá, gach forneart réasúnach a úsáid le linn a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin gCuid seo a chomhlíonadh. |
| | (4) I gcás go mbeidh feidhm ag alt 6(4) maidir le duine a bheidh faoi choimeád an Gharda Síochána go dleathach, beidh ag comhalta den Gharda Síochána a mbeidh an duine sin faoina choimeád nó faoina coimeád, gan dochar d’aon achtachán eile, cumhachtaí agus feidhmeanna oifigigh limistéir coinneála faoi fho-ailt (1) go (3). |
| | (5) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní lena dteorannaítear na cumhachtaí faoi Rialacha na bPríosún atá ag oifigeach limistéir coinneála is oifigeach príosúin. |
| | (6) I gcás go mbeidh feidhm ag alt 6(1), féadfaidh comhalta den Gharda Síochána is airde céim ná an t-oifigeach coinneála limistéir aistriú chumhachtaí agus fheidhmeanna an oifigigh coinneála limistéir sin faoin gCuid seo chuig comhalta eile den Gharda Síochána a údarú, agus glacfaidh an comhalta eile sin na cumhachtaí agus na feidhmeanna sin de láimh. |
| | (7) I gcás go mbeidh feidhm ag alt 6(1), agus go ndéantar nó go ndearnadh an príosúnach atá curtha faoi choimeád sealadach a chur i stáisiún Garda Síochána, ansin, d’ainneoin gur oifigeach coinneála limistéir aon chomhalta eile den Gharda Síochána freisin faoin gCuid seo, maidir leis an comhalta i gceannas an stáisiúin Garda Síochána sin— |
| | (a) glacfaidh sé nó sí cumhachtaí agus feidhmeanna oifigigh coinneála limistéir faoin gCuid seo de láimh, agus |
| | (b) féadfaidh sé nó sí, i gcás gur dóigh leis nó léi gur gá é chun aon cheann dá fheidhmeanna nó dá feidhmeanna a chomhlíonadh, agus ar feadh cibé tréimhse nó tréimhsí is dóigh leis nó léi is gá, aistriú aon cheann nó gach ceann de na cumhachtaí agus de na feidhmeanna a ghlactar de láimh faoi mhír (a) chuig comhalta eile den Gharda Síochána a údarú. |
| | (8) I gcás go bhfuil feidhm ag fo-alt (7)(b), déanfar aistriú na gcumhachtaí agus na bhfeidhmeanna lena mbaineann chuig comhalta den Gharda Síochána a fhorléiriú mar aistriú lena bhforchoimeádtar don chomhalta i gceannas an ceart chun na cumhachtaí sin a fhorfheidhmiú agus na feidhmeanna sin a chomhlíonadh i gcomhthráth leis an gcomhalta eile sin. |
| | [EN] Rialacháin a bhaineann le coimeád sealadach. |
| | 12.— Féadfaidh an tAire na nithe seo a leanas a fhorordú— |
| | (a) na caighdeáin a bheidh le húsáid chun duine a bheidh curtha faoi choimeád sealadach faoi alt 6 a shlánchoimeád, |
| | (b) caighdeáin agus nósanna imeachta a bhaineann le bainistiú ordúil a dhéanamh ar aon áit ina mbeidh duine den sórt sin le coinneáil, |
| | (c) na taifid maidir le coimeád sealadach duine den sórt sin a bheidh le coimeád, agus |
| | (d) i gcás go mbeidh feidhm ag fo-alt (1) nó (2) d’alt 10— |
| | (i) na hairteagail, na doiciméid nó an fhaisnéis a bheidh le tabhairt ar láimh, agus |
| | (ii) na nósanna imeachta, lena n-áirítear taifid a choimeád, a leanfar. |
| | CUID 3 Oifig Chúirte Chomhcheangailte |
| | [EN] Mínithe (Cuid 3). |
| | 13.— Sa Chuid seo— |
| | ciallaíonn “Acht 1939” an tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit 1939; |
| | ciallaíonn “oifig chomhchúirte”— |
| | (a) oifig chúirte, a ndéanfar a gnó nó cuid dá gnó in oifig chúirte chomhcheangailte faoi alt 14 nó 15, nó |
| | (b) cláraitheoir nó duine eile a meastar gur oifig chomhchúirte é nó í faoi alt 17(2), |
| | agus forléireofar “comhchúirt” dá réir sin; |
| | ciallaíonn “oifig chúirte chomhcheangailte” oifig arna bunú faoi alt 14; |
| | ciallaíonn “bainisteoir oifige cúirte comhcheangailte”, i ndáil le hoifig chúirte chomhcheangailte, duine a cheapfar faoi alt 19 chun bheith ina bhainisteoir nó ina bainisteoir ar an oifig sin; |
| | ciallaíonn “oifig chúirte” aon oifig de chuid aon cheann acu seo a leanas, nó aon oifig a ghabhann le haon cheann acu seo a leanas: |
| | (a) an Chúirt Uachtarach; |
| | (b) an Ard-Chúirt; |
| | (c) Uachtarán na hArd-Chúirte; |
| | (d) an Chúirt Chuarda; |
| | (e) an Chúirt Dúiche; |
| | agus, chun críocha an mhínithe seo, measfar gur oifig a ghabhann leis an Ard-Chúirt clárlann phrobháide cheantair; |
| | ciallaíonn “achtachán” Acht nó ionstraim reachtúil nó aon chuid d’Acht nó d’ionstraim reachtúil; |
| | ciallaíonn “Cúirt Choiriúil Speisialta” cúirt arna bunú faoi Chuid V d’Acht 1939. |
| | [EN] Oifigí cúirte comhcheangailte a bhunú. |
| | 14.— (1) D’ainneoin aon achtacháin eile, féadfaidh an tSeirbhís Chúirteanna oifig chúirte chomhcheangailte a bhunú de réir an ailt seo agus alt 16. |
| | (2) Déanfaidh an tSeirbhís Chúirteanna, le linn di oifig chúirte chomhcheangailte a bhunú faoi fho-alt (1)— |
| | (a) dhá oifig chúirte nó níos mó a ainmniú chun bheith ina n-oifigí comhchúirte de chuid na hoifige cúirte comhcheangailte sin, agus |
| | (b) an gnó de chuid na n-oifigí comhchúirte a dhéanfar san oifig chúirte chomhcheangailte a shonrú. |
| | (3) Déanfaidh an tSeirbhís Chúirteanna, a luaithe is féidir tar éis oifig chúirte chomhcheangailte a bhunú, fógra i dtaobh bhunú na hoifige agus i dtaobh na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2) agus a bhaineann leis an oifig sin a fhoilsiú san Iris Oifigiúil, ach má mhainnítear an fógra a fhoilsiú amhlaidh ní dhéanfaidh sé sin difear do bhailíocht bhunú na hoifige cúirte comhcheangailte lena mbaineann. |
| | [EN] Feidhmeanna oifige cúirte comhcheangailte a athrú nó oifig chúirte chomhcheangailte a dhíscaoileadh. |
| | 15.— (1) Féadfaidh an tSeirbhís Chúirteanna athrú a dhéanamh ar fheidhmeanna oifige cúirte comhcheangailte, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh— |
| | (a) athrú a dhéanamh ar an ngnó de chuid na n-oifigí comhchúirte a bheidh le déanamh san oifig chúirte chomhcheangailte, seachas aon ghnó is ábhar d’ordú faoi alt 17(1), |
| | (b) oifig chúirte eile a ainmniú chun bheith ina hoifig chomhchúirte de chuid na hoifige cúirte comhcheangailte sin, agus |
| | (c) aon ghnó de chuid oifige comhchúirte a bhaint de ghnó na hoifige cúirte comhcheangailte, seachas aon ghnó is ábhar d’ordú faoi alt 17(1). |
| | (2) Folaíonn an chumhacht a thugtar le halt 14(1) chun oifig chúirte chomhcheangailte a bhunú an chumhacht chun oifig den sórt sin a dhíscaoileadh, ach amháin i gcás go ndéanfaí difear d’ordú arna dhéanamh faoi alt 17(1) dá ndíscaoilfí an oifig. |
| | (3) Tá feidhm ag ailt 14(3) agus 16, fara aon mhodhnuithe is gá, nuair a fheidhmíonn an tSeirbhís Chúirteanna a cumhachtaí faoi fho-alt (1) nó (2). |
| | [EN] Comhchomhairliúcháin. |
| | 16.— Sula mbunóidh sí oifig chúirte chomhcheangailte faoi alt 14, rachaidh an tSeirbhís Chúirteanna i gcomhairle leo seo a leanas— |
| | (a) an Príomh-Bhreitheamh, i gcás gur oifig a ghabhann leis an gCúirt Uachtarach oifig chomhchúirte bheartaithe, |
| | (b) Uachtarán na hArd-Chúirte, i gcás gur oifig a ghabhann leis an Ard-Chúirt nó le hUachtarán na hArd-Chúirte oifig chomhchúirte bheartaithe, |
| | (c) Uachtarán na Cúirte Cuarda, i gcás gur oifig de chuid na Cúirte Cuarda, nó oifig a ghabhann leis an gCúirt Chuarda, oifig chomhchúirte bheartaithe, |
| | (d) Uachtarán na Cúirte Dúiche, i gcás gur oifig de chuid na Cúirte Dúiche, nó oifig a ghabhann leis an gCúirt Dúiche, oifig chomhchúirte bheartaithe. |
| | [EN] Cúirt Choiriúil Speisialta. |
| | 17.— (1) D’ainneoin aon achtacháin eile, féadfaidh an Rialtas, le hordú, a fhoráil gur in oifig chúirte chomhcheangailte a dhéanfar gnó sonraithe de chuid Cúirte Coiriúla Speisialta, seachas gnó a cheanglaítear a dhéanamh ag breitheamh nó ag breithiúna, nó os comhair breithimh nó breithiúna, de Chúirt den sórt sin. |
| | (2) Measfar gur oifig chomhchúirte chun críocha na Coda seo cláraitheoir a bheidh ceaptha chun críocha Cúirte Coiriúla Speisialta faoi alt 39 d’Acht 1939, nó aon duine a bheidh ag gníomhú faoi stiúradh cláraitheora den sórt sin, le linn an gnó is ábhar d’ordú faoi fho-alt (1) a dhéanamh. |
| | [EN] Oifig chúirte chomhcheangailte: cumhachtaí agus feidhmeanna a mheastar a bheith aici. |
| | 18.— Más rud é, faoi alt 14, 15 nó 17, go ndéanfar gnó oifige comhchúirte in oifig chúirte chomhcheangailte, beidh feidhm ag an méid seo a leanas chun an gnó sin a dhéanamh: |
| | (a) measfar gur oifig de chuid na comhchúirte lena mbaineann, nó oifig a ghabhann leis an gcomhchúirt lena mbaineann, an oifig chúirte chomhcheangailte; |
| | (b) measfar gur oifigigh a ghabhann leis an gcomhchúirt sin, nó oifigigh a ghabhann le hoifig de chuid na comhchúirte sin, bainisteoir oifige cúirte comhcheangailte na hoifige cúirte comhcheangailte sin agus comhaltaí foirne na Seirbhíse Cúirteanna a bheidh ar fostú san oifig sin faoi alt 21; |
| | (c) aon tagairt in achtachán d’oifig de chuid na comhchúirte sin, nó d’oifig a ghabhann leis an gcomhchúirt sin, nó d’oifigeach don chúirt sin nó do chomhalta foirne di, measfar, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, go bhfolaíonn sí an oifig chúirte chomhcheangailte sin nó oifigeach don oifig chúirte chomhcheangailte sin nó comhalta foirne di, de réir mar a bheidh. |
| | [EN] Bainisteoir oifige cúirte comhcheangailte. |
| | 19.— D’ainneoin aon fhorála d’aon achtachán eile, i gcás go mbunófar oifig chúirte chomhcheangailte faoi alt 14, ceapfaidh an tSeirbhís Chúirteanna— |
| | (a) comhalta dá foireann, nó |
| | (b) cláraitheoir contae, |
| | chun bheith ina bhainisteoir nó ina bainisteoir ar an oifig chúirte chomhcheangailte sin. |
| | [EN] Bainistiú agus rialú oifige cúirte comhcheangailte. |
| | 20.— (1) D’ainneoin aon fhorála d’aon achtachán eile, lena n-áirítear aon achtachán lena dtugtar cumhachtaí den sórt sin d’oifigeach do chomhchúirt, faoi réir fho-alt (2), beidh bainistiú agus rialú oifige cúirte comhcheangailte faoi bhainisteoir na hoifige cúirte comhcheangailte. |
| | (2) Le linn an fheidhm dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chomhlíonadh, beidh bainisteoir na hoifige cúirte comhcheangailte faoi réir orduithe ginearálta na Seirbhíse Cúirteanna maidir le gach ní a bhaineann le riarachán ginearálta. |
| | [EN] Foireann oifige cúirte comhcheangailte. |
| | 21.— Beidh ar fostú in oifig chúirte chomhcheangailte cibé comhaltaí agus cibé líon comhaltaí d’fhoireann na Seirbhíse Cúirteanna a chinnfidh an tSeirbhís Chúirteanna ó am go ham. |
| | [EN] Feidhmeanna na foirne. |
| | 22.— (1) Féadfaidh an tSeirbhís Chúirteanna, d’ainneoin aon fhorála eile d’aon achtachán, aon chomhalta d’fhoireann na Seirbhíse Cúirteanna a bheidh ar fostú in oifig chúirte chomhcheangailte faoi alt 21 a cheapadh i gceachtar post díobh seo a leanas nó sa dá cheann: |
| | (a) cléireach Cúirte Dúiche; |
| | (b) príomhoifigeach, de réir bhrí Chuid I den Acht Oifigigh Chúirte 1926, ar aon oifig a ghabhann leis an Ard-Chúirt nó le hUachtarán na hArd-Chúirte. |
| | (2) Féadfaidh bainisteoir oifige cúirte comhcheangailte, d’ainneoin aon fhorála eile d’aon achtachán, a ordú d’aon chomhalta d’fhoireann na Seirbhíse Cúirteanna a bheidh ar fostú in oifig chúirte chomhcheangailte faoi alt 21 gníomhú mar chláraitheoir d’aon cheann de na comhchúirteanna seo a leanas: |
| | (a) an Phríomh-Chúirt Choiriúil; |
| | (b) an Chúirt Achomhairc Choiriúil; |
| | (c) an Chúirt Achomhairc Armchúirteanna; |
| | (d) an Chúirt Chuarda. |
| | (3) Más rud é, faoi fho-alt (2), go n-ordófar do dhuine gníomhú mar chláraitheoir do chúirt a luaitear i míreanna (a) go (d) den fho-alt sin, measfar go bhfolaíonn aon tagairt in achtachán do chláraitheoir de chuid na cúirte lena mbaineann duine den sórt sin. |
| | [EN] Ní dhéanfar difear do leanúnachas riaradh an cheartais. |
| | 23.— (1) Ní chuirfidh na nithe seo a leanas isteach ar leanúnachas riaradh an cheartais— |
| | (a) oifig chúirte chomhcheangailte a bhunú faoi alt 14, |
| | (b) athrú a dhéanamh ar fheidhmeanna oifige cúirteanna comhcheangailte, nó oifig chúirteanna chomhcheangailte a dhíscaoileadh, faoi alt 15, nó |
| | (c) ordú a dhéanamh faoi alt 17. |
| | (2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1)— |
| | (a) ar oifig chúirte chomhcheangailte a bhunú faoi alt 14, ar fheidhmeanna oifige cúirte comhcheangailte a athrú faoi alt 15, nó ar ordú a dhéanamh faoi alt 17(1), leanfar de ghnó oifige comhchúirte san oifig chúirte chomhcheangailte, |
| | (b) i gcás go mbeifear tar éis tosú ar ghnó a dhéanamh in oifig chúirte chomhcheangailte ar gnó é a cheanglaítear, dá éis sin, é a dhéanamh in oifig chúirte eile de bhua athrú ar fheidhmeanna na hoifige sin, nó dhíscaoileadh na hoifige sin, faoi alt 15, leanfar den ghnó sin san oifig chúirte eile sin, agus |
| | (c) i gcás go ndéanfaidh an Rialtas ordú faoi alt 17(1), maidir leis an ngnó áirithe a rinneadh in oifig chúirte chomhcheangailte, leanfaidh cláraitheoir na Cúirte Coiriúla Speisialta lena mbaineann, nó aon duine a bheidh ag gníomhú faoi stiúradh cláraitheora den sórt sin de, nó leanfar de os comhair an chláraitheora sin nó an duine sin. |
| | [EN] Leasú ar an Acht um Sheirbhís Chúirteanna 1998. |
| | 24.— Leasaítear alt 6(2) den Acht um Sheirbhís Chúirteanna 1998— |
| | (a) i mír (i), trí “agus” a scriosadh, |
| | (b) i mír (j), trí “láithreacha cúirte a ainmniú, agus” a chur in ionad “láithreacha cúirte a ainmniú.”, agus |
| | (c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (j): |
| | “(k) oifig chúirte chomhcheangailte a bhunú, a feidhmeanna a athrú nó í a dhíscaoileadh faoi ailt 14 agus 15 d’Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 2009.”. |
| | CUID 4 Forálacha Ilghnéitheacha |
| | [EN] Leasú ar alt 22 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967. |
| | 25.— Leasaítear alt 22 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1A) (a cuireadh isteach le halt 18(a) den Acht um Cheartas Coiriúil 2007): |
| | “(1B) Féadfaidh ceachtar acu seo a leanas cúirtbhanna lena mbaineann fo-alt (1) a ghlacadh— |
| | (a) aon bhreitheamh den Chúirt Dúiche, nó |
| | (b) aon chléireach Cúirte Dúiche.”. |
| | [EN] Leasú ar alt 24 den Petty Sessions (Ireland) Act 1851. |
| | 26.— Leasaítear alt 24 den Petty Sessions (Ireland) Act 1851 tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 2: |
| | “2A. (a) A recognisance to which paragraph 2 applies may be taken by— |
| | (i) any judge of the District Court, |
| | (ii) any District Court clerk, |
| | (iii) a peace commissioner designated for that purpose by order of the Minister for Justice, Equality and Law Reform, |
| | (iv) the governor of a prison, or |
| | (v) a prison officer designated for that purpose by the governor of a prison. |
| | (b) in this paragraph ‘prison’ has the same meaning as it has in the Prisons Act 2007.”. |
|
|
|
|